Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá baile fearainn ar a tugtar Blantis dhá mhíle ar an dtaobh thuaidh de'n scoil. Tagann alán sgoláirí ó Blantis go dtí an scoil agus do thángadar riamh, mar tá Scoil Cillbrian níos goire dóibh ná Tobar an Fhíona. Cialluigheann an focal Blantis an teanga talmhan atá idir an dá abha - Abha An Buidhe-Cnoic agus Abha Banntrach Croidhe.
Tá dhá rompódh ar bóthar Blantis agus tugtar Cúinní na bhFigheadóirí orra, mar fuair figheadóir agus a bhean bás ionnta in am an ghortais. Satharn amháin chuadar go dtí Cluain Meala chun min mín, tae agus siúcra agus rudaí eile do cheannach i gcomhair na seachtaine.
Ní raibh aon bóthar ann an úr úd, ach bhí casáin treasna na gcnoc agus do b'éigin dóibh siubhal ann. Nair a bhíodar ag teacht abhaile tháinigh stoirm mhór sneachta orra, bhí an fear ag iomchur ceithre clocha min agus an bhean trí clocha de. Cuireadh amúgha sa sneachta iad agus fuaireadh marbh iad an lá ina dhiaidh sin. Bhíodar sínte cois chlaoidhe.
As san amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Fhearachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Risteárd Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge