D'réir deallramh bhí sean eolas ag na doaine mór-thimcheall an cheanntair seo ar na sean-leabhartha, mar bhí foth dhuine annso agus annsúd i n úil chun iad a leigheamh dóibh gach oidhche Gheimhridh, timcheall seachtmó bliadhain ó shoin. Bhí duine de's 'na scoláirí sin i Scairt na Droighinaidhe. Seán Ó Crotaigh do b'ainm dó. Bhí bosca mór lán de leabhair aige agus bhí an-mheas aige ortha agus ní mór an meas a bhí aige ortha ná an meas a bhí ag na daoine air féin mar gheall ar a fheabhas chun iad do léigheamh do's na comharsain.
Bhí óinseach de dhrifeur aige, agus Domhnach nuair a bhí Seán ag an Aifreann nuair a chuir sí na prátaí le h-aghaidh an dinnear ar an teine, chonnaic sí ná raibh aon adhbhar teine aici, chun
(leanann ar an chéad leathanach eile)