Scoil: Louisburgh (uimhir rolla 5128/9)
- Suíomh:
- Cluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Thos. J. Morahan
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0137, Leathanach 037](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0137%2FCBES_0137_037.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0137, Leathanach 037
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cuid eile BARRA BHAILE - seo bárr an bhaile uaidh sin an t -ainm. An tríomhadh cuid de'n sráid-bhaile áit a raibh geata san am nach raibh acht corr-ceann dá shórt lé feiceal san tuaith - uaidh sin d'fhás an t-ainm BAILE an GHEATA.Tá áit nó cnocán beag in aice lé Barra Bhaile ar a dtugtar "CRIOGÁN na PINGHINE" - deir na sean daoine gur chaill sean fhear eicínt pinghinn ar an gcnocán seo agus gur chaith sé seal fada ar lorg na pinghine acht nach bhfuair sé ariamh é.Tá lochán beag nó linn beag ins an áit chéadhna ar a dtugtar "POLL a' t-SIUÍCRE" - bean ó'n sráid-bhaile úd abhí ag filleadh ó'n mbaile mór agus cúpla cloch siúicre in a ghlac aici, ag dul thar an lochán dí do leig sí do'n siúicre tuitim isteach sa loch uaidh sin an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- T. S. Ó Mhórcháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- John Ball
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Béal Átha Chip, Co. Mhaigh Eo