Scoil: Louisburgh (uimhir rolla 5128/9)

Suíomh:
Cluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Thos. J. Morahan

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Chúileann - Seo an Scéal atá faoi Bhun an Amhráin

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0137, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sa tsean aimsir do bhí nós ag na sídheoga an máthair a thabhairt leo t'réis di leinbh a bhreith agus d'fhágaidís duine lag, suarach in a hionad ag a fear __ "sickly elf" a thugaidís uirthí. Do thárla go raibh bean an fhir a chum an amhrán t'réis leinbh a bhreith agus do thóg na sídheogaí leo í. Fágadh bean lag, spíonta in a háit ag a fear chéile agus do chaith sé a chuid de'n tsaoghail ar luibh 'gus ar leigheas ag iarraidh biseach a chur uirthí.
Do thagadh a bhean chéile féin arais ó na liosa nuair nach mbíodh neach daondha thart agus d'íosfadh sí chuile nídh a d'fheiceadh sí ach gan salann a bheith ann. An tráthnóna seo bhí a fear chéile amuigh indhiaidh na mbeithidheach nuair a casadh air í

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Clementín Ní Mhóracháin
Inscne
baineann
Seoladh
Cluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge