Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go mbéadh sé i ndhán congnamh a thabhairt do acht dá mbéadh Seánín na Cloiche leath fé mar a chonnaic sé ní bhéadh sí i ndhán congnamh a thabhairt dó agus dubhairt an Prionnsa go bhfaca sé Seánín na Cloiche liath. Annsin dubhairt an Prionnsa go mbeadh sé ag imtheacht ar maidin. Rinne a mháthair trí cácaí beaga agus thug sé iad d'on bPrionnsa.
Ar maidin lá ar na bhárach d'imthigh an Prionnsa agus dubhairt a mháthair leis go mbéadh sé i dteach a uncail an oidhche sin. Fathach mór a bhí ann, agus núair a thiocfadh sé go dtí gheata an caisleáin bhéadh madadh mór ar gach taobh de'n geata agus a bheál ar osgailt. "Tabhair píosa d'es na cacaí dó" ar sise " agus ní dhéanfaidh sé aon dochair duit" Nuair a tháinig an Prionnsa go dtí an geata bhí na madaidh annsin agus thug sé píosa de's na cácaí dóibh. Chuir an fathach failte roimhe agus d'iarr sé air teacht go dtí an caislean. Bhí fleadh mór acu an oidhche sin agus d'innis an Prionnsa a sgéal brónach dó. Annsin fúair an fathach na leabhra móra a bhí aige go bhfeicfeadh sé an mbéadh sé i ndhán Seánín na Cloiche liath(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Mháille
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Mhuilligh
- Inscne
- Fireann