Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 523
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a béidh fhios agat go bfhuil gach duine in a gcodhladh siubhail amach thusa agus béidh mise ag fanacht ag an ngeata romhat.
Rinne an prionnsa mar dubhairt inghean an ríogh leis agus nuair a bhí fhios aige go raibh gach duine in a chodhladh, shiubhail sé amach agus bhí sí ag an n-geata mar gheall sí. Shiubhail leobhtha annsin go dtí an bád agus chuaidh siad ar bórd. Chroc siad suas a gcuid seólta móire bucóideachta bacóideachta agus d'fág siad slán agus beannacht ag an domhain thoir agus thug aghaidh ar talamh na h-Éireann.
"Anois," ar sise "bhí dúil ag m'athair tú mharbhú anocht i do chodhladh mar bhí eagla air dul chun troda leat nuair chonnaich sé do chulaith gaisgidheachta agus do claidheamh agus nuair chonnaich sé go ndhearna tú na teasgaíní a chuir sé ort mar ní raibh súil ar bith aige go ndéanfá agus nuair shíleas m'athair go bhfuil gach duine timceall na cúirte i na gchodhladh glaoidhfheadh sé amach "bhfuil tú i do chodhladh,' a mhic rí Éireann." Freagreóchaidh an toirtín atá ag bárr na leapthan, "ní'l go fóill".(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mártan Ó Chiaragáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ciaragáin
- Inscne
- Fireann