Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 520
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin agus go gcaithfidh sé an lochán a thiormú agus an fháinne a chur ar ball dhó an oidhche nó go mbainfeadh sé an ceann de. Thug [an] prionnsa canna leis agus d'imthigh le[is] go dtí an locán agus thosuigh sé dhá thiorm[ú] amach acht gach canna dhá gcaithfeadh sé a[mach] buailte dhá ceann isteach ina aghaidh arís[t.]
Bhí mar sin go meadhon [lae] go dtí go raibh sé dubh brónach marbh sáithrad fliuch báidhte. Tháinig inghean an oighre am[ach] an tarna lá agus bhí truagh is misúr aic[i agus] bhain sí cupán beag as a póca agus chai[th] amach trí braon as an locán. Thiormúigh an l[ochán] ar an noiméad agus fuair sí an fháinne g[an] trioblóid ar bith agus thug sí do'n bprionns[a í.] D'fan inghin an oighre sgáthamh ag cómhrádh l[eis] agus dubhairt sí leis gan dhul isteach g[o dtí] an pálás go mbéadh sé in am stopaidh. S[an] tráthnóna chuaidh sé isteach go dtí an seómra [agus] shuidh sé síos. Níor bhfada dhó go dtáinig an t-o[ighre] isteach, d'fiafruigh sé de an bhfhuair sé an fháin[ne] agus dubhairt sé leis go bhfuair agus thug sé dhó [í.](leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mártan Ó Chiaragáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ciaragáin
- Inscne
- Fireann