Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 513
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhog leis agus bhí sé ag siubhail go dtáinig deón agus deireadh an lae sin agus casadh isteach é i dteach nach raibh ann acht sean-fhear agus bhí fáilte mór ag an seanfhear roimh mach an righe. D'iarr an seanfhear air céard cas ar an mbealach íorghúalta seo é chómh mall sin san lá agus d'innis an prionnsa dhó mar thárlaidh agus d'iarr sé air an raibh bun ná tuairisg Oighre na Coille Glaise aige lé thabhairt dó agus dubhairt seisean gur b'in é an chéad uair a chuala sé go raibh a leitheid ann. "Acht" ar seisean, "tá bróg agam annseo agus cuir ort é agus béarfaidh sé thú go dtí driotháir eile atá agam agus tá seisean i bhfad níos sine ná mise agus bhféidhir go bhfuil tuairisg aigesan. Nuair bhí an suipéar ithte aca chuadhar a chodhladh. Lá ar na bhárach, go moch ar maidin dhúisigh an prionnsa óg, nigh sé a aghaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mártan Ó Chiaragáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ciaragáin
- Inscne
- Fireann