Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 51
- XML “Seainín na Spúnóg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sé leithí an doras a fhosgailt. "Cén rud atá ort" ar sise "nó níl sé curtha o shoin agat" "Níl" adubhairt Seán "teastuigheann mála uaim lena chur isteach ann lena iomchur ar mo dhruim" D'fhosgail sí an doras dhó agus leig sí isteach é agus annsin chuaidh sí ag cuartú mála dhó.
Fhad is bhí sí ag cuartú bhí an bhfaithlín tugtha le Seán agus í curtha suas faoí'n a asgaill agus annsin d'imtigh sé abhaile chuig a athair.
Nuair a tháinic an duine uasal shíl sé go raibh Seáinín curtha aige agus é an-sásta ina intinn. Nuair a chuaidh sé a choladh ina leabaidh fuair sé an bhraithlín imthighthe. Nuair a chonnaic sé é sin dubhairt sé leis féin go raibh sé chomh maith leigeann dó nó do reir mar a bhéadh sé ag cur iallach air rudaí a dhéanamh go mba mheasa bhéadh sé ag eirigh.- Bailitheoir
- Brighid Ní Goireachtaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Mac Ghoireachtaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo