Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 26
- XML “Triúr Fathach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheith ag an tráigh im báireach agus go raibh peist mhór le na teacht isteach ón bhfarraige le na slugadh. Dubhairt an maighistir chomh maith go rachadh sé féin chuig an cruinniú agus eisean a dhul amach ag faire na mbó.
Annsin nuair bhí an phéist ag tigheacht isteach chuaidh an gaisgideach óg seo go teach na bhfatach agus ghléas sé é féin i gculaithe saighdiúra agus thug leis a each a shrian agus a dhiallaid agus d'imthigh leis go dtí an tráigh. Níor bhfada ann é go dtainic an phéist. Chuaidh an gaisgideach roimhe agus chuir sé amach aríst í. Bhí an bhean ó sabhailte an la sin acht an phéist le teacht dhá lá eile.
Annsin d'imthigh an gaisgideach arist agus ní raibh fhios ag éinne cén aírd as a dtainic an fear iongantach seo. Nuair a thainic sé abhaile leis na ba bhí an gaisgideach ag cur faisnéise faoin bpéist agus dubhairt an máighistir go dtainic prionnsa óg go dtí an cruinniú agus gur chuir sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Conghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conghaile
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo