Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)snámh gan an cochall, agus b'éigean dí dhul abhaile leis. Chuir sé an cochall i bhfolach sa gcaoi nach n-imtheochadh sí arís.
Bhí beirt chlainne aca. Lá amháin bhí an fear ag déanamh cruach-mhónadh, agus chuir sé an cochall i bhfolach innti. Nuair thainic na páistí isteach tráthnóna d'fhiafruigh an mháthair díobh an bhfacaidh siad a n-athair ag cur dada i bhfolach sa gcruaich agus dubhairt siad go bhfaca. Bhí fhios aici gurbh é an cochall a bhí ann, agus chuaidh sí amach san oidhche, agus leag sí an chruach agus fuair sí an cochall. Annsin d'fhág sí slán ag na páistí agus d'imthigh sí.
Deirtear go dtigeadh sí 'un na trágha gach lá go gcíoradh sí gruaig na bpáistí.- Bailitheoir
- Micheal Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Conghaile
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo