Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 241
- XML “Leipreachán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leipreachán Do réir seanchais na sean -daoine, bhí leipreachán i bPort Urlan . Bhí teach i ngar do'n áit a raibh se , agus ní raibh ann ach athair agus triúr mac agus bhí siad an-tsaidhbhir - deirtear gurbh ó'n leipreachán a fuair siad an saidhbhreas. Bhí chuile shórt maith acu ach aon rud amháin, só sin fios a bheith ar an rud a bhí le thárlughadh san am a bhí le teacht.
An lá seo thug an t-athair ordú dóbhtha a dhul amach agus an leipreachán a cheapadh, agus thug sé capall do 'chaon acú, agus d'imthigh siad agus cheap siad é, agus thug siad abhaile é.Annsin chuir siad i bpota é, agus chroch siad ar an teine é. Annsin d'imthigh siad amach fhad a's bhí sé a bhruith agus dubhairt siad an chéad duine a bhlaisfeadh do'n anbhruith go mbéadh fhios aige an rud a thárlóchadh agus an rud a bhéadh le teacht.
(anonn)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairead Ó Dochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo