Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)

Suíomh:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
Múinteoirí:
Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Leathanach 216
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí Pápa ann uair amháin agus bhí sé chomh sean agus go raibh sé le bás.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    ingean an rí chomh is bhí sí ariamh. Annsin thug an rí mala óir do'n ngasur agus bhí an gasur, a mhuinntir, agus an sagart saidhbhir ar fead a saoghal.
    D'imthigh an gasur agus an sagart go teach an Pápa agus bhí na sagairt eile istigh rompa iad ag marbhadh a chéile agus an Pápa ag iarraidh reidhteach a dheanamh. Ní raibh fhios acú go foill cé bhéadh ina Phápa.
    "An bhfuil tusa indan an sceal a shocrú," arsa an sagart leis an ngasúr.
    "B'féidir go mbhéadh. Faigh seacht gcoinnle dom," arsa an gasur.
    "Tá go maith" arsa an sagart.
    Fuair an sagart na coinnle agus dubhairt an gasúr na coinnle a lasadh agus an sagart a b'fhearr choinneochadh an choinneal ar a mhéar nó go lasadh sé go dtí a bhonn. Ní raibh duine ar bith de na sagairt indan é sin a dhéanamh.
    Annsin dubhairt an sagart leis an ngasúr é fhéin fhéachaint. D'fhéach an gasúr é agus choinnig sé an choinneal ar a mhéar nó gur las sé uilig.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Conghaile
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    47
    Seoladh
    Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo