Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 14
- XML “An Gobán Saor”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)? a athair leis bheárr an bhean an ólann den chroiceann agus thug sí luach na h-olna dhó agus an croiceann. Tháinic an mac abhaile annsin agus d'fhiafruigh an gobán saor de an raibh aithne aige ar an mnaoí a thug luach na h-olna dhó agus dubhairt seisean go raibh.
Thug síad cuireadh don mhnaoi annsin theacht 'un a tighe chuca agus dubhairt síad léithe gan teacht ar an mbóthar na gan teacht trí pháirc agus í teacht gan aon duine bheith léithí. Tháinic sí as bárr claidhe agus bhí madadh léithí.
Tamall ina dhiaidh sin chuir rí cunndar chuige a dhul anonn go Sasana agus teach a dhéanamh dó. Chuaidh sé anonn an lá seo e fhéin agus a mhac. Agus nuair a bhí síad sgathamh ar an mbóthar dubhairt an gobán saor le'na mhac an bóthar a ghiorrughadh dó. Dubhairt an gobán leis annsin bheith ag dul abhaile, nach raibh aon graithe aige dhe. Chuaidh sé abhaile agus d'fhiafruigh an bhean bhi sa mbaile dhe tuige ar thainig sé abhaile. Dubhairt sé léithe go ndubhairt an gobán leis an bóthar a ghiorrughadh dhó agus go ndubhairt sé nach raibh sé indán.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Padhraic Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo