Scoil: Glenamoy (uimhir rolla 13882)

Suíomh:
Gleann na Muaidhe, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Séamus Ó Beoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 348

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 348

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Glenamoy
  2. XML Leathanach 348
  3. XML “Gort Liatuile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá mé i mo chomhnaidhe i nGort-na-Tuille, baile beag 'seadh é. Tá sé tighthe ann anois. Fadó, bhí sé cinn ann, agus bhí árus do na gárdaí ann i teach mór. Tá siad leagtha anois.
    Bhí troid ar an mbaile seo sa mbliadhan 1922, agus marbhuigheadh seisear an oidhche sin. Bhí saighdiúirí ar taobhuigh leis an bPoblacht ag troid in aghaidh saighdiuíri ar thaobhuigh leis an "Saor Stát". Marbuigheadh seisear de shaighdiuirí an t-Saor-Stáit an oidhche sin. Bhí troid fíochmhar ar suibhal ó h-oidhche go mhaidin. Cuireadh stop leis an troid ar maidin. Tá cloch cuimhneacháin tóghta ar thaobh an bhothair i ndíl chuimhne na daoine a marbuigheadh agus tá ainneacha na n'daoine a marbhuigheadh ar an gcloich.

    An té a sgríobh:-
    Cáit Ní Deagánaigh,
    Gort-Lia-Tuille,
    Gleann Na Maidhe
    Co. Mhuigheo,
    An té d'innis:-
    Pádhraic Ó Deagánaigh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Gort Liatuile, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    Cáit Ní Deagánaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort Liatuile, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Ó Deagánaigh
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort Liatuile, Co. Mhaigh Eo