Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 511
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Níl fhios agam," arsan fear.
"Nuair a rachas tú abhaile anois," arsan gabha, "abair le do mhac go bhfuil Ráithín Cnuic Mhóir tré theine."
D'imí' an fear abhaile annsin, agus nuair a bhain sé an teach amach bhí an mac san doras ag fannacht leis.
"Tá tú ar ais airíst," arsan mac leis, "agus a ndeárna tú an margadh i gceart?"
"Ó rinne mé togha é," arsan fear.
"Bhfuil nuaidheacht ar bith eile leat?" arsan mac leis.
"Níl," arsan t-athair, "Ach rud amháin - chúala mé go ro' Raithín Cnuic Mhóir tré theinne."
"Ó, bhó, bhó," arsan mac, "Mo bhean is mo chlann uillig go léir bruithte dóighte," agus le sin rith a' t-amadán amach agus ní fheaca an fear ariamh ó shoin é.- Faisnéiseoir
- Kitty Corrigan
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo