Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 499
- XML “An Cailín Glas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é agus rith sí amach roimhe. Bhí fearg mór uirthí, agus dubhairt sí leis a bhfear go maróchai' sí é muna gcuireadh sé duine go na h-iníonacha ar aimsear aicí.
Ar ndóighe dubhairt an fear bocht go gcuireadh agus chuaidh sé abhaile agus áthas air nuair nách ro sé marbh aici. Nuair a bhain sé an teach amach d'innis sé an sgéal go na h-iníonacha, agus d'fhíafruigh sé go'n iníon ba shinne a bhí aige an rachadh sí ar aimsear chuig a' "Cailín Glas," agus dubhairt sí nách rachfadh.
Annsin chuir sé an cheist ar a dara iníon, agus thug sí an freagra céadhna. Annsin chuai' sé go dtí an iníon a b'óige agus d'fhiafruigh sé uirthi sin an rachadh sí.
Arsan iníon seo ar ais leis -
"Ó thárla nách bhfuil an bheirt eile a dul ann, rachaidh mise ann le tú a shábháilt."
Annsin chuai' sí ar aimsir chuig a Cailín Glas. Bhí draoidheacht ag an gCailín Glas, agus thug sí slaitín draoidheachta do'n chailín aimsire agus dubhairt sí léithe - "Tá cead agat(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Kitty Corrigan
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo