Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)

Suíomh:
Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eoghan Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 405

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 405

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Caisil
  2. XML Leathanach 405
  3. XML “Scéal an Mhí-Áidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal an Mhí-Ádh
    Beirt dritheárachaí a bhí ann. Bhí duine aca an saidhbhir agus duine aca an bhocht. Ní raibh duine a bith clainne ag a bhfear saidhbhir agus bhí mórán mór clainne ag a bhfear bocht, agus gan aon slighe bheatha aige dóibh. Ach an páiste deiridh a bhí ag a mraoí dubhairt sé go gcuirfeadh sé as a slighe é. Thug sé leis cliabh agus fuair sé 'un a {bh}ogach faoí dhéin cliabh móna, agus thug sé {s}pád leis. Do chart sé poll. Nuair a bhí sé a cartadh an phuill gheárr sé scraith thart agus d'fhág sé taobh go'n scraith greamuighthe {g}o leigfid sé anall mur clár é nuair a bheadh an páiste thíos aige.
    Nuair a bhí sé a cartadh an phuill agus nuair a mheas sé go raibh sé sáitheach domhain aige dhearc sé suas ó's a chionn agus thainnic sé fear in a sheasamh ar bhruach an phuill, agus d'fhiafruigh sé dhó céard a bhí sé a déanamh annsin.
    "Mise an Mí-Ádh," ar seisean, "agus beidh mé a siubhal leatsa go lá do bháis."
    "Bheul, gabha annseo anuas - arsan fear - go bhfeici tú bhfuil a' poll seo sáthach domhain."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0735: The Rich Man's and the Poor Man's Fortune
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Tuathail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo