Scoil: Coillte Mághach (uimhir rolla 12520)
- Suíomh:
- Coillte Mach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máirtín Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an chuinneog an soitheach a gcuirtear an bainne nó an t-uachtar nuair a bítear ag dul ag deanamh maistre. Tá an soitheach seo tuairim is slat ar áirde. Tá sé cruinn i gcuma agus tá sé troigh go leith ar leitheadh ag á na bhun, ach níl sé baileach chomh leathan ag á na bhéul. Caoluightear isteach é ó'n mbun go dtí rud beag thar an lár, nuair a leathnuightear amach airís é.Deantar an chuinneog de adhmad maith darach, agus cuirtear fonnsaí iarainn thart uirthe. Sé an ceárdaidhe a ghníonns an chuinneog an cúipéir. Ar bhéul na cuinneoige bíonn an clár agus poll thrí n a lár lé h-aghaidh cos na luithne. Is leis an luithne a ghníthear an maistre; 'sé sin le rádh, gur léithe a buailtear an t-uachtar nó an bainne a cuirtear isteach sa gcuinneoigh agus is ar chois na luithne a bheireanns an duine tá ag bualadh greim.Ar fhaitchios go ngabhfadh an iomarca de'n uachtar tríd an poll sin ins an clár le linn an bhuailte cuirtear cláirín beag eile os a chionn sin a dtugtar an claibín air.Gníthear maistre faoi dhó sa tseachtmhain.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirtín Ó Cearbhaill
- Inscne
- Fireann