Scoil: Cnocán Mhichíl Naofa (Clochar)

Suíomh:
Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0098, Leathanach 335

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0098, Leathanach 335

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnocán Mhichíl Naofa (Clochar)
  2. XML Leathanach 335
  3. XML “Mo Cheantar Dúchais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Táim in mo chomhnuidhe i gCill-Éinne i bParráiste Árann. Tíghthe tuighe is mó atá ann. Tá daoine ann os cionn seachtmhadh bliadhain d'aois. Tá togha na Gaedhilge acu. Tá siad i n-ann scéalta breághtha a innseacht i nGaedhilg.
    Seoighe an sloinne is coitcheannta ann. Sé Cill-Rónáin an baile mór is goire dó. Bhí i bhfad níos mó daoine i gCill-Éinne sa t-sean aimsir ná mar tá faoi láthair. Is i gCill-Éinne a chaith Naomh Éinne an chuid is mó dá shaoghal, agus is mar sin a fuair an áit a ainm. Cumadh amhrán i dtaobh báthadh mór a bhí ar Aill na nGlasóg lá Féile Muire sa bhFóghmhar sa mbliadhain ocht gcéad déag go leith agus a dó. Tá cáil mhór ar Chill-Éinne san amhrán mar báthadh cheithre feara déag as an áit an lá sin. Seo bhéarsa de'n amhrán.

    Bhí brón agus crádh i gCill-Éinne an lá úd.
    Bhí aithreacha agus máthaireacha ag gol 's ag caoin,
    Agus gaolta grádhmhar go comhacht cráidhte,
    Ag éagcaoin na sár-fhear nach bfilleadh choidhche.
    Is sampla uathbhásach an chreach an tráth úd,
    Do thárla an lá úd go tobann luathar,
    Ar Aill na nGlasóg i dtóinn na h-áite,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Anna Ní Dhioráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Éinne, Co. na Gaillimhe