Scoil: Caurane (C.) (uimhir rolla 13176)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bean Uí Fhaoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá páirc gar do mo theach darbh ainm Léim an Ghabhair. Seo é an chaoi a fuair sí a h-ainm.
Bhí fear in a chómhnuide i mBaile an Gairdín fadó darbh ainm Micheál Mac Néil. Chonnuigh sé go leor gabhar agus bhí páirc peileamhnach acha agus bhídís ins an bPáirc sin gach lá.
Lá amháin chuaidh madradh mór isteach ins an bPáirc. Ruaigh sé na gabhair. Bhí cró i gcóir na ngabhar i lár na páirce agus céard a rinne ceann do na gabhair acht léim a thabhairt agus cé'n áit a ndeacha sé acht suas ar bhárr an chró. Tugtar Léim an Gabhair ar an bPáirc sin go dtí an lá atá inniu ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peggi Ní Congaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghairdín, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Páraic Mac Congaile
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ghairdín, Co. Mhaigh Eo