Scoil: Caurane (C.) (uimhir rolla 13176)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bean Uí Fhaoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caurane (C.)
- XML Leathanach 310
- XML “Seanscéal - Na Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in a chómhnuide i mbaile beag fadó darb ainm Seán Ó Cléirigh. Choinnigh sé cúpla bó bainne agus bhídís amuigh ag feárach san oidhche. Théigeadh sé amach ar maidin le iad a bleaghan. Chuaigh sé amach maidin bealtaine le bó a bleaghan ach mo leán ní raibh braon bainne ag na ba. Bhí iongnamh an domhan ar an bhfear bocht. An dara maidin chuaigh sé amach arís agus bhé an sgéal céadna é. Dubhairt sé annsin go n-éirgchadh sé an chéad mhaidin eile le breacadh an lae. D’éirigh sé agus chuaidh sé amach. Céard d’feicfeadh sé ach girrfiadh agus í ag diul na mbó. Chuaidh sé abhaile agus fuair sé a ghunna. Laisg sé leis an ngirrfiadh é.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Páraic Mac Niallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ghairdín, Co. Mhaigh Eo