Scoil: Doire (uimhir rolla 16852)

Suíomh:
An Doire, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Séamus Ó Cathain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 29

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 29

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire
  2. XML Leathanach 29
  3. XML “An Chaora Dhubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ainm an aithriseóra: Mártan Ó Cadain (14)
    Seanbhailechathail
    Túr-Míc Éide
    Clár-cloinne Muiris
    (sgéal) An Chaora Dhubh
    Bhí rí agus bainríoghan ann fadó, agus ní raibh achu acht aon inghean ámhain, agus sé an t-ainm do bhí uirthí Máirín na Luaithrighe.
    Táinich tinneas ar an mbainríoghan, agus nuair a bhí sí ag fághail bháis dubhairt sí leis an rígh an chaora dubh fághail ag Máirín. Níor raibh sí i bhfad san uaigh nuair a pósh an Rígh bainríoghan eile. Bhí thriúr inghean achu.
    Ní raibh an bainríoghan ag tabhairt mórán le n-ithe do Máirín na Luaithrighe, agus bhí sí ag iarraidh í chuir chun bháis. Sé an obhair a tughú di ag cumhdhach na gcaorach chuile lá ó dhubh go dhubh.
    Chuile lá thiochfadh an chaora dhubh a d'fágh a máthair aicí. Sgarfadh sí éadhach gheall ar an talamh, agus leaghfadh sí bhéile anuas ag Máirín. Nuair a bíodh an bhéile thart bhíodh an chaora dhubh ag múnadh Máirín.
    Lá ámhain tar éis an bhéile dubhairt an chaora dhubh go gcuirfeadh an bhainríoghan amhach cheann dhá cuid ingeanacha féin go bhfeicfheadh sí céardh a bhí siad a dhéanamh. Dubhairt an chaora dubh go dtiubharfadh sí biorán di le chuir a gcloigheann an cáilín. Lá ar na máireach chuir an bhainríoghan an ingean amhach leithí le súil a conghbáil uirthí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mártan Ó Cadhain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Seanbhaile Chathail, Co. Mhaigh Eo