Scoil: Sraith

Suíomh:
An tSraith, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Ó Coinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 156

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 156

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sraith
  2. XML Leathanach 156
  3. XML “Scéalta, Tomhaiseanna, Rannta srl.”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sean teach annsin thiar
    Sean teach a bhí ann ariamh
    Bhí seacht sean chat ann
    Seacht bhri ? chait, seacht mongh chait
    Séard dúbhairt an sachtmhadh sean chat leis an seachtmhadh bhri ? chat
    Tara uait go dtí an sean teach sillteach siar.
    Brachán ó aréir é
    Is mairg nár théigh é.
    Dá mbeadh sé ag an bfiach dubh
    Thiubhfhradh sé dá éan é
    Is dá dtiubhfradh fhéin
    Nior bh leis fhéin é.
    Lá amháin bhí beirt fhear ag siubhal trídh choill. Buaileadh géag sa t-súil ar fhear aca. Dúbhairt sé leis an bfear eile go raibh a shúil gortuigthe. Dúbhairt an fear eile leis gan a bheith ariamh aríst indiaidh aoinne ag dul trídh choill ná roimh aoinne ag dul trídh eanach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Donnacadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Tamhnaigh, Co. Mhaigh Eo