Scoil: Sraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí buachaill ann aon uair amháin agus bhí sé ar aimsir ag Donnachadh Buidhe. Lá amháin bhí sé amuigh sa bpáirc agus b'fada leis go raibh an ghrian a 'dul faoi.
Séard dúbhairt sé leis an ngrein -
“Shora dhuit a ghrian is fada do thriall
Is dóig nach raib tú ariamh ar aimsir
Acht dá gcaithfea bliadhain ag Donnacadh Buidhe
Ní bheadh do thriall chom mall sin”Giorrainín beag cocáilte, stadáilte donn
Shiubalfhadh sí Éire is ní fhliucfhadh sí a bhonn
(beach)Tá sé thoir is tá sé thiar is tá sé ingáirdín i mBlea Cliath. Is mo a ghreim ná greim chapaill is ní bhlasann sé d'aon bhiadh (Speal)Is fearr cathaoir ná dhá stól, is fearr stól na bheith follamh. Is fearr bothán agus rud ann ná teach mór 'gus é bheit follamh”Pádraig Mac Giobúin, An Tabhnach, An tSraith (45)- Faisnéiseoir
- Pádhraig Mac Giobúin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Tamhnaigh, Co. Mhaigh Eo