Scoil: Sraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sraith
- XML Leathanach 168
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Go mbeannuighidh Dia dhuit a phaidir gheal”
“Go mbeannuighid Dia dhuit a phaidir gheal.
Go mbeannuighidh Dia is Muire dhuit féin
Cér chodail tú aréir.
Mar a chodail Mac Dé
Cé chodhlócadh tú anocht?
Mar a codhlóchas na boicht.
Cé chodhlóchas tú amáireach
I leabaidh Phádhraig
Céard é sin romhat?
Tá na h-Ainglí.
Céard é sin do dhiaidh
Tá na h-Aspolai.
Céard é sin ar do láim dheis
Trí bhraon de'n Uisge Dómhnaigh
A chuir an Mhuire Mhór liom
lé seoladh ó dhoras go doras Phádhraig
Mhuire is a Mac, Bríghid is a brat
Miceál is a sgiath Dia is A Neart
Idir sinn agus gach olc. Idir sinn agus gach bás spídeamhlach
Idir sinn agus sean chúmhacht an t-áirbiseoir.go piantai Ifrinn.
Seo í siar an Ghrian
Is a dhá láim gheala thairsti aniar
Tá fáinne óir ar gach méar léithi
Is í ag siubhal na seacht rioghachtai
Ag éisteacht lé clog binn an chrainn ag ? gach lá
Aon duine a dh'éarfhas é seo gach tráth(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Fhlannagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Gort Bhun an Chuilinn, Co. Mhaigh Eo