Scoil: Sraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“An rud a bhí ann ariamh is a bhéas choidhche
Sgriobadh na circe ar an gcárnán aoiligh.”“An rud nach raibh ann ariamh no nach mbeidh choidhche
nead luiche i gcluais chuit.”Aon uair amháin bhí triur dearbhráthair agus bhiodh beirt aca ag bhualadh an duine eile i gcómhnuidhe. An lá seo chuireadar isteach i mála é lé na bháthadh. Nuair a bhíodar imthighthe píosa leis, rith coinín treasna an bhóthair agus leanadar é agus chaitheadar an mála ar an talamh. Bhí fear eile inaice na háite agus é ag breathnúghad ar bheithidhigh agus chuala sé an fear a bhí sa mála a 'rád “Is cuma liom é, dul 'un na flaithis atá mé.” Chuaidh sé aige agus dfiafruigh sé de. “A' leigfidh tú mise leat”? Dúbhairt sé go leigfheadh dá ngearrfhadh sé an mála agus é a sgaoileadh amach. Annsin dúbhairt an fear. Gabh isteach annseo agus coinnig ag rádh “Is cuma liom é dul 'un na flaithis atá mé.” Annsin dúbhairt sé leis an méid beithidhig a bhí sa bpáirc a choinneál dhó agus nuair a tháinig an beirt dhearbráthar eile tugadar an mála leo agus chaitheadar amach san abainn é. Nuair a bhiodar ag teacht abhaile chonnaic siad an dearbhráthair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Donnacadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Tamhnaigh, Co. Mhaigh Eo