Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deas ná mór gránna; agus ní ru an bheirt is
sine sásta í bheith i n-éindí leothav i n-aon
chaoi. Máirín a bhí erthi. Ach dar fia d’imi
siad leothav - an bheirt - agus má d’imi héin d’imi
Máirín ’n-a ndia’. Bhí siad ag imeacht leothav
i gcatha an lae, agus droch-lá acav le sneachta is
báisteach; agus nuair a bhí an oíche ’tíocht orthu, by
gories thainic abhainn rómpav, agus dúirt siad go
ru siad sguabhtaí insin - nach mbeach siad i n-
ann a dhoil thairis.
"Triáilfe (tryáilfe) mise é," adeir Máirín,
"muise: ó thárla go bhfuil an oiread sin do ghráin
uguiv orm," adeir sí.
Agus chua sí anúnn thairis. Agus lean a’
bheirt eile í, agus ar ndo má lean héin bhí siad
báite caillte.
"Támuid caillte anois," adúirt siad, "b’an-
an ’s aríú!"
Níor imi siad i bhfad nó gur thainic siad
ag bun coill (cyll).
"Is fearr ’úinn a dhul isteach inseo anois,"
adúirt a’ ceann is sine, "cébi rud a dhianfas(leanann ar an chéad leathanach eile)