Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nó rud eicínt mar sin (adeir an sgéalaí ). An tríú h-uair d’fhreagair sí é. "Tá mé a’ tíocht," adeir sí. Lean sí dhó cho fada le Sgeach na Gaibhne, agus go dtí an áit a bhfuil sgoil Chloch-Bhaile-mhóir anois. Rug sí grim láimhe ar mhuing a’ chapaill. Tharrain seisean a chlaidhmhe agus bhain sé an lámh dhuith. D’fhan an lámh i ngrim agus muing a’ chapaill agus gcónaí, go dtáinic sé ar ais ag a’ teach níor. Cailleadh an capall maidin lárnamháireach. Níor h-airigheadh "lámh fada Dhubh," int an áit arís ní bu mhó.
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.