Imleabhar: CBÉ 0312

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0081

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0081

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ceól ar bun, cébí fad gearr é. Ach dá ndéaradh sé leis an gceoltóir an port a athrú chaithfeadh an ceoltóir stopa annsin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí an sgéalaí amuich i ndiaidh beithíoch trathnóna ar "Roundy Hill," Réidh Reamhar. Bhí sé ina
    fhear óg ins an am, agus bhí fear óg eile - cómarsa dhó - i n-éineacht leis. Ní rabh na beithí le
    fáil ar an gcroc acu. Tháinic éan mór millteach chuca thríd an aér agus bhuail sé a chomrádaí le n-a chuid sgiathán agus leag sé go talamh é. Ní fhacadar a leithide d’éan ariamh roimhe sin ná ó shoin. Ach ní den éan is mó a rinneadar íontas. D’imigh an t-éan uatha agus ar an bpoinnte ar imigh chualadar an sgairtíl gháiridhe thart tímpeall
    ortha ar an gcnoc, agus gan duine ar bith le feiceál acu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    29 Eanáir 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir