School: Mín na gCroise

Location:
Meenacross, Co. Donegal
Teacher:
Máire Nic Amhghaidh

Filter stories

Back
/ 396 Forward
Resolution: Low | High
Mín na gCroise | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 391

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sgéal.

Mí na lughnasa bhí an cruaidh ann. Thuit an cáil agus na préataí amach le na chéile mar san am sin bhí cainnt ag achan rud. Dubhairt na préataí leis an cáil “A gaduidhe bhig ghlaish gránna na dtigeadh choidhche ariamh gan annlán”. “Cá h-áit a raibh tusa” arsan cáil “nuair a choinnigh mise na céadtaí ón bhás. Bhí múid thíos faoi’n sgraith agus mé (sinn) ag cur ár gchroidhe amach ag fás” ars na préataí.

Paidir.

Céadfaidh bun do mholadh Maighdeán Mhuire Beannuigh, neartuigh sinn in aghaidh ár náinde Creidim thú a Thighearna. Dúirt do ghrásta na n-anam le h-aon ola Críost le teachtaireacht na n-Aingeal mar dhúil go dtiocfaidh tú ar luaidheacht a Chroiche agus a [Éiséirghe]? glóramhail síorruidhe Amén. Go dtuireócaidh beannacht Dé in ár gcroidhe. Athair Shíorruidhe agus a Mhaighdeán Muire deán trocáire orainn.

Language
Irish