School: Mín na gCroise

Location:
Mín na Croise, Co. Donegal
Teacher:
Máire Nic Amhghaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 378

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 378

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na gCroise
  2. XML Page 378
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí bean ann uair amháin agus bhí sí pósta. Bhí an bhean iongantach deacair a sheasamh. Bhí sé i gcomhnuidhe ag sgamhláil an fhir agus a rádh go raibh teach maith ag achan duine acht aca féin. Bhí achan locht ar an teach aicí. Ní raibh an fear bocht a rádh dadaidh.
    Achan lá rachadh sí ar shiubhal ‘na chomhursanacht. Nuair a thigeadh an fear isteach bhíodh an teine as agus bhíodh sise ar shiubhal. Nuair a thigheadh sí bhíodh sí ag sgamhláil agus a rádh go raibh teach maith ag an duine seo is ag an duine eile. Acht ní raibh suaimhneas ar bith ag an fear léithe. D’imthigh sí annsin lá amháin ó theach go teach fríd na comhursanach . Annsin chonnaic sí an trioblóid a bhí in achan teach. Dar léithe féin níl áit a bith cosamhail le mo theach féin. Chuaidh sí ‘na bhaile agus thug sí suaimhneas do’n fhear agus duithe féin ó sin amach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Mín Doire Eidhinn, Co. Donegal
    Informant
    Meadhbh Bean Ui Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    85
    Address
    Mín Doire Eidhinn, Co. Donegal