School: Mín na gCroise

Location:
Meenacross, Co. Donegal
Teacher:
Máire Nic Amhghaidh

Filter stories

Back
/ 396 Forward
Resolution: Low | High
Mín na gCroise | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 369

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Paidir

Síntear mé san leabaidh seo mar síntear Mac Dé san uaigh.
Faoiside cruaidhe cráidhte
Gnídhimse leatsa Mhic Dé
Fá dhocharacht mo chodladh agus
Fá olcas mo chroidhe.
Och thighearna nach mé tá lochtach
Fá ghnídh sin dá gheall mé
Na deánann i gcomhnuidhe
Ó mháthair dhílis [?] Críosta
Go raibh tú ag mo cheann
Eoghan baisteadh agus a chuid easbog
Go raibh tú ag mo bhun
Teachtaire dílis Dé go dtaraidh agam indiu
Le Cholar Criósta agus m'anam dílis Dé
D'fhulaing Íosa agus ceangladh é don chrann

Collector
Máire Ní Chanáin
Gender
female
Age
10
Address
Meendrain, Co. Donegal
Informant
Proinseas Ó Canain
Gender
male
Age
50
Address
Meendrain, Co. Donegal
Language
Irish

Sean-fhocail

1. Fad is bhíos an feár ag fás ní bhfuighidh an bhó bás.
2. Rud nach dtuigeann an chluas ní chuireann sé pian ar an chroí.

(continues on next page)