Scoil: Mín na gCroise

Suíomh:
Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Amhghaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 393

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 393

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na gCroise
  2. XML Leathanach 393
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    Bhí fear ann lá agus fuair sé litir i dtaobh na ngearrtha. Ní raibh siad díolta aige agus dubhradh leis san litir a theacht isteach agus na gearrtha a dhíol. Chuaidh an fear isteach agus dhíol sé iad an lá i na dhiaidh sin. D’iarr an fear le n-ar dhíol sé na gearrta air a rádh le na fir eile teacht isteach agus iad a dhíol fosta.
    Dubhairt an fear eile nach raibh acht léine amháin san baile fearann agus go gcaithfeadh siad sealaidheacht a dhéanamh. “Tá sé seo go dona” arsan fear eile. “Bhal bhéarfaidh mise ocht leath-choróin duit agus ceannuigh ocht léine ortha. Tabhair na léinteacha seo d’ochtar fear ortha agus iarr ortha teacht isteach annseo amárach agus na gearrtha a dhíol.
    Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Rinne sé sin. Lá thar na bhárach tháinig siad isteach agus na léinteacha ortha agus dhíol siad na gearrtha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge