Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Donegal
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 83a
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Bí béirt fhear i Leitir-Ceannain fadó shóin Séan agus Domhnall ar b’ainm daobhtha. Bhí Séan pósta agus Máire a b’ainm do’n bhean a bhí aige. Fear meadhon aosta a bhí i nDomhnall agus thighead sé isteach ach’an oidhche go tóigh Shéain. Bhí clog mhór crochta ar an balla ag Séan agus bhí an bhéirt ag dhiospoireacht fa ce a deireadh, “Anonn agus anall agus arais” fhad a’s bhí an “Pendulum” ag gabhail anonn agus anall agus ag teacht arais go cionn uaire. Dubhairt Séamas go ndeanfadh séiséan é “Cuirfidh mé síos punnta nach ndeanfaidh arsa Domhnall. Maith go leor arsa Sean fág an punnta ar an fuinneoig agus toiseochaidh mé. Bhí Domhnall na shuidhe ar cataoir agus a dha shuil saidhthe ins an fhear a bhí ag amarch ar an Phendulum agus ag rádh “Anonn as anall bhí an uair cor-a bheit caithte anois agus bhí Domhnall ag éirghe rud beag mio-sasta no bhíos aige indiaidh na h-uaire go mbeadh an punnta caillte aige.
Smaointigh sé ar phlán. Siubhal sé amach a’s an chistinigh in gan fhíos agus chuaidh sé síos go seomra beag in áit a rabh bean Sheain ag obair go dithchilleach ag nighe eaduigh. Maise a Mháire a thaisge ní mhaith liom droch sgéala a thabhairt cugat. Tá Séan na shuidhe shuas ins an chistinigh anois le cor-a-bheit uair agus níor labhair sé focal liom rith an ama acht ag radh “Anonn a’s anall agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Grainne Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Donegal