School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)

Location:
Dooagh, Co. Mayo
Teacher:
S. Ó Gallchobhair

Filter stories

Back
/ 04_043 Forward
Resolution: Low | High
Dubh Achadh/Dooagh (B.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086H, Page 02_001

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Seo iad Targaireachta a Rinne Brian Ruadh Ó Cearbháin

Bhí sé na comhnuidhe i bhFál Ruadh in aice le h-Inbhear da Barunacht Iorrus.
An chéad targaireacht a rinne sé, dubhairt sé go mbéadh teach mór ar gach cnocán; droichead ar gach fiodán; buataisí ar na brealláin, agus Béarla ag na tachráin.
Dubhairt sé go ndéanfaidhe bóithre mine ar fud na h-Éireann; go ndóighfeadh coinneál leith-phighne airgead na h-Éireann uilig; ní raibh éan pháipéar punnta ag imtheacht an uair sin, ná eolas ar bith aca ionnta, ginidheacha buidhe a bhí ann agus airgead glas agus airgead ruadh.
Dubhairt sé go gcuirfidhe droichead miothail ar abhainn na Daoile ag Crois-Mhaoilfhíona, agus go gcuirfhidhe droichead lóbáin ar abhainn na Muaidhe i mBéal an Átha, agus go gcaillfidhe suim daoine go fóill leis, agus go dtiocfadh an saoghal nuair a bheadh droichead ar gach sruthán.
Dubhairt sé go mbeadh hataí ar na tachráin, agus go dtiocfadh saoghal na mban óg gan náire.
Dubhairt sé go dtiocfadh na cruacha cáithe, agus go dtiocfadh an shliocht oighre dúithe clann Sheaghain, duine a dhóighfeadh an méid tighthe a bheadh o Crois-Mhaoilfhíona go Bearna na Gaoithe le choinnlí dubha, agus go mbeadh bóthar ar gach bogán, agus go mbeadh súile ribe ar na bóithre.

(continues on next page)
Collector
Séamus Ó Gallchobhair
Gender
male
Language
Irish