Seo iad Targaireachta a Rinne Brian Ruadh Ó Cearbháin Bhí sé na comhnuidhe i bhFál Ruadh in aice le h-Inbhear sa Barunacht Iorrus. An chéad targaireacht a rinne sé, dubhairt sé go mbéadh teach mór ar gach cnocán; droichead ar gach fiodán; buataisí ar na brealláin, agus Béarla ag na tachráin. Dubhairt sé go ndéanfaidhe bóithre mine ar fud na h-Éireann; go ndóighfeadh coinneál leith-phighne airgead na h-Éireann uilig; ní raibh éan pháipéar punnta ag imtheacht an uair sin, ná eolas ar bith aca ionnta, ginidheacha buidhe a bhí ann agus airgead glas agus airgead ruadh. Dubhairt sé go gcuirfidhe droichead miothail ar abhainn na Daoile ag Crois-Mhaoilfhíona, agus go gcuirfhidhe droichead lóbáin ar abhainn na Muaidhe i mBéal an Átha, agus go gcaillfidhe suim daoine go fóill leis, agus go dtiocfadh an saoghal nuair a bheadh droichead ar gach sruthán. Dubhairt sé go mbeadh hataí ar na tachráin, agus go dtiocfadh saoghal na mban óg gan náire. Dubhairt sé go dtiocfadh na cruacha cáithe, agus go dtiocfadh an shliocht oighre dúithe clann Sheaghain, duine a dhóighfeadh an méid tighthe a bheadh o Crois-Mhaoilfhíona go Bearna na Gaoithe le choinnlí dubha, agus go mbeadh bóthar ar gach bogán, agus go mbeadh súile ribe ar na bóithre.Seán Ó SéaghdhaPÓG