School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 423

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 423

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 423
  3. XML “An Searrach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    iad a bheith agat".
    Ghaibh sé a bhuidheachas leo agus d'imthigh leis suas an cnuic san áit 'na raibh na capaill ar grásacracht. Bhí an dhá ceann déag ann agus in-aon-fheacht leo bhí searrach ana-dheas, bhí sé chómh glan san go raibh an grian ag taitneamh air. "Cad as go dtáinís?" arsan buachaill leis "Capall draoidheachta iseadh mé" ar seisean "agus fág anseo me ar feadh bliana eile agus cífidh tú chómh mór is a bheidh me ansan." D'fhág an buachaill ansan é.
    Nuair a chuaidh sé go dtí an áit airís bhí an searrach chómh mór san gurbh ar éigin abhí Seán ábalta ar theacht in áirde air in-aon-chor. "Bhís mór anuiridh" ar seisean ach tá'n tu abhfad níos mó anois agus is féidir leat teacht liom" "Á fág anso me ar feadh bliana eile agus cífidh tu chómh mór is a bheidh mé ansan" D'fhág an buachaill ansan é agus chuaidh sé abhaile.
    Nuair abhí an bliadhain caithte chuaidh sé fé na dhéin airís. Bhí an capall ana-mhór an turas so "Capall breágh abheadh tu anuiridh ach ní feadar cad déarfad leat imbliana gan amhras tiocfair liom"
    "Fan go fóil" arsan capall "Fág anso mé ar feadh bliana eile agus ansan tiocfad leat." D'fhág an buachaill ansan é. Nuair abhí an tréimhse caithte, chuaidh sé cuige airís. Bhí an capall toilteanach ar teacht leis an turas so. Bhí sé chómh mór san gur cheap Seán ná féadfadh aon capall bheith chómh mór san.
    B'éigin de'n capall teacht ar a glúinibh sar a bhféadfadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Shúilleabháin
    Gender
    Female