School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 360
- XML “Caoine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Caoine. Siobhán bn. Uí Luasaigh. leath. 2.
Bhí fear de mhuinntir Muimhneacháin 'na chómhnuidhe in aice le Béal-Átha-an Ghaorchaidh. Bhí gaol éigin aige le Séamus Mór Ua Muimhneacháin agus is dócha go raibh féith na filidheachta ins an fear so leis. Pé sgéal é do chailleadh a bhean agus níor tháinig aoinne in-aon-chor go dtí an tórramh agus bhí sé ana bhrónach. Sheasaimh sé o's cionn a cuirp agus dhein sé an caoineadh so:=
"Tá an tórramh díom a Mháire a
laogh,
Tá an tórramh díom a craidhe,
Is ní'l de chuideachta agam anait
Ach fallaí fuair an tíghe,
Gan aoinne agam a labharfadh liom
Ná a dhéanfadh liom aon truagh,
Is ní'l súil le béal a' cuain agam
Ná tnúith le béal na h-uagha.
II
'S fear níos gruama ná mar tháim
Níor shiubhluig talamh riamh
'S croidhe níos buadhartha ní'l le fhághail
Ná an craidhe seo istig im' chliabh
Ní buaidhreamh go dtí mo bhuaidhreamh
'S ní brón go dtí mo bhrón
'S ní'l uaig sa cill níos uaigníghe anocht.
Ná m'árus bocht, ochón."- Informant
- Siobhán Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female