School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 345

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 345

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 345
  3. XML “Tadhg agus an Uaireadóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann timpeall fiche bliadhain ó shoin. Bhí uaireadóir aige agus bhí sé chómh mór le fo-chupán. Bhíodh sreang deas aige air gach Domhnach agus bhíodh iall aige air gach lá. Bhí páirc ar chúl an tíghe agus ghlaodhfaidís paiste an mhada-ruadh air mar do bhíodh mada-ruadh ann uaireannta. Páirc ab'eadh é a bhí árd agus íseal gach re dtamall. Bhí prátaí ann an bhliain seo agus bhí gais ana árda ann. An lá so bhí sé féin agus féar eile darbh ainm do Seán Ua Tuama amuich san gáirdín ag baint na bprátaí.
    Pé rud a thóg Tadg suas go barra na páirce nuair a tháinig sé anuas chonnaic Seán go raibh an iall ag tuitim amach as a phóca agus gan aon uaireadóir ann. "Cá bhfuil an uaireadóir a Thaidg?" ar seisean. "Ó" arsa Tadhg "tá sé caillte agam, cad a dhéanfad in-aon-chor?" Do thosnuigheadar ag cuardach síos suas na páirce ach do theip ortha é a fhághail.
    Bhí Seán síos ag bun na páirce agus nuair a fhéach sé suas do chonnaic sé Tadg shuas ar a dhá ghlúin agus gan aon hata air agus nuair a chonnaic Seán an ceann maol ní fhéadfadh sé gan gáire a dhéanamh "Cad tá agat 'á dhéanamh ansan shuas? " ar seisean leis. "Táim ag guidhe chun Naomh Antoine" ar seisean "go bhfaghad mo uaireadóir". Tháinig sé anuas cuige agus thosnuigheadar ag cuardach airís agus fuaradar é san áit a bhíodar 'á lorg cheana. Bhí áthas an domhain ar Thaidg é a fhághail mar bhí ana meas aige
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Shúilleabháin
    Gender
    Female