School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 306

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 306

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 306
  3. XML “An Fear agus an Sprid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhíodh an breóiteacht ar a nglaodhtí an t-éagcruas ana choitchianta fadó. Bhíodh mná airighthe ag dul timpeall ó thig go tig ag tabhairt aire do dhaoinibh breóite. Aon oidhche amháin bhí bean darb' ainm di Eibhlín Ní Murchahda ag dul ó thig in Gort Luacra 'na raibh duine breoite ann go tig eile i gCluain Liath 'na raibh duine breoite eile ann.
    B'éigin di dul thar Droichead na nGabhar agus bhí droch-ainm ar a áit sin. Cití sprid ann go minic an uair sin. Nuair abhí an bhean ag dul thar an droichead, chonnaic sí an Sprid. Dubhairt an sprid léi mar seo:-
    "Mo chara is mo mhaoin,
    Do chailleas mo mhuinntear,
    Óg agus críonna,
    Agus fé mar a bhíodar."
    D'fhreagair an bhean í:-
    "Mo chara is a mhaoinig,
    Ní h-é is caoin liom,
    Ach bheith id'focair dá gcaoineadh,
    Um an dtaca so d'oidhche."
    "Ó" arsan sprid "táim ana bhuidheach díot. Do chuireadh mar phionós orm-sa go gcaithfinn fanamhaint anso go gcuirfeadh duine éigin deire le'm rann. Tá mo phionós déanta agam anois" ar sise "agus táim chun dul go Flathas Dé." D'imthigh sí as radharc na mná agus fheachathas ó shoin í.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ua Cuill
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupations
    Feirmeoir
    Saor
    Address
    Na Millíní, Co. Cork