School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 293
  3. XML “Leigheaseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1) Deirtear dá raghad snáthad trí dhuine go n-imtheóchadh sé tímpeall an colainn go léir agus gur deacair é a fhághail ach go bhfaghadh teanga an mhada-ruaidh é gan aon duadh.

    2) Tá leigheas ins an uisge nuair a bhíonn an taoide ag dul amach an cúigmhadh lá déág de Lughnasa.

    3) Tá leigheas do ba ins an uisge a thuiteann Aoine an Céasda.

    4) Chun faithinní a leigheas dul isteach i dtig agus do bhróg a bhaint díot agus do chos a chur i mbróg duine eile gan aoinne id' fheiscint.

    5) Na faithinní a chómhaireamh le buille fé thuairim agus cloch a chur i mála in aghaidh gach fathainne agus an mála d'fháaint ag an gcrois mbóthar agus an céad duine a thófadh suas é bheadh na faithinní aige sin.

    6) Teinneas a leigheas:- beannachadh an doruis, sé sin an salachar a fhanann ag an ndóíras a bhailiúghadh agus é a cruadhchaint ó's cionn na teine agus é a chur leis an dtinnis.

    7) Duine go mbíonn an sine-seáin ar lár aige é a bhualadh trí uaire ar an dtinteán, trí uaire ar an dtáirsig agus é a dhéanamh trí maidne indhiaidh achéile agus in ainm an Athar, agus an mhic agus an Spiorad Naoimh a rádh. Duine gurb' ainm do Seán is fearr a dhéanfadh é.

    8) Chun faithinní do leigheas:- Uisge na ceárdchan do ghoid agus na lámha nó pé áit 'na mbeidís 'á nígh leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ua Cuill
    Gender
    Male
    Age
    55
    Occupations
    Feirmeoir
    Saor
    Address
    Na Millíní, Co. Cork