School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 277

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 277

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 277
  3. XML “Seanchas i dtaobh Pósaíocha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    2.
    Nuair a bhíodh cailín óg le pósadh fadó do bhíodh gúna fada dhubh uirthi agus skirt mór leathan air agus uaireannta bhíodh fúnsa ar an dtaobh istig de'n skirt chun é a dhéanamh níos leithne agus caidp dubh nó gorm uirthi agus ribíní bána agus dearga agus glasa.
    3.
    Nuair a bhíodh sí ag dul go dtí an séipéal do chaitfeadh duine éigin seana-slipéad 'na diaidh mar b'shin nós a bhíodh aca i dtreo go mbeadh an t-ádh leis an gcailín nua phósta. (4) Ansan nuair a bheadh sí pósta agus théigheadh sí isteach chun a h-ainm a sgríobhadh bhíodh na buachaillí go léir ad'iarraidh an céad póg d'fhághail uaithi.
    5.
    Bhíodh nós eile aca leis na daoine a h-iarrtí teacht go dtí an pósadh ba cheart dóibh tabhartas éigin a thabhairt leo mar gé nó cúpla púnt ime nó béile prátaí nó spóla feóla, agus do bheidís go léir beirbhighthe agus ní bhíodh pioc le déanamh aca suidhe síos cuige agus tosnú ar ithe agus bhíodh béile breágh aca pe'cu a bheadh an fear agus an cailín nua-phósta bocht nó saidhbhir.
    Nuair a bheadh a ndóithin ithte aca ansan do thosnuighdís ag rinnce agus do bhíodh ceól is rinnce is damhas aca go maidean. Ansan théígheadh na dhaoine go léir abhaile agus b'fhéidir dá mbeadh na daoine saidhbhir do raghaidís go h-áit éigin ar mí na meala ach muna mbeidís ámhthach d'fhanaidís sa bhaile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Informant
    Siobhán Bean Uí Luasaigh
    Gender
    Female