School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 270

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 270

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 270
  3. XML “Aithris Sheáin de hÓrdha 1770”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Mar is peacach mé bhí Scannlach síor
    droch- bheartach fíor mhalluighte
    Is na tagair-se baois bheartach an tsaoghail
    ar m'anam le linn scartha liom.
    iii. Screadaim is éigin, aithchím go séim
    Ar Mhuire 's a haon Mhac Chalma
    Teacht Sealad fé dhéig m'anama pléid
    Is a chosaint ón maor malluighte,
    Deisciobail De 's a gcairid go léir.
    Im' tharraing 'san réim bheannuighte
    Mo bhearta ar an saoghal cealgach claon
    Gaingeadach baoth do maithead dom.
    iv. A Dhia atá thuas feach orm anuas
    Is reidhtigh mo ghuais anfaidh
    Acht leig mé go Suanmhar sásta id ' chuan
    Gléigheal buan tseasmhach
    A thíghearna na mbuadh dein orm truagh
    Ar theacht don uair mharbtha
    Is ná leig mise uait feinig le fuath
    i bpéin le sluagh acharoin.
    v. Is deocair dom labhairt leat sa gan dabht
    Ag tagairt do chabhair chalma
    Is gur fada mé ag treabhadh treasna le fonn
    I gcoinne do mhodhmhail -aitheanna
    Níl ins an dómhan fhairsing, mo lom
    Peacach le togadh is measa loit
    Ná mise tá bodhar balbh im' lobhar
    Ceanngailte agam ndream mhalluighte.
    vi. Ní lia le rádh gainimh ar thráig
    Ná drúcht ar bhárr ghlasrach
    Ná peacach le suigheamh ar m'anam foirior!
    Ceangailte im' chroidhe chalcaighthe
    Is mór liom a dtrian rómham 'san tsliabh
    Acht ní fhoghnann ciach eagla
    Is gur mó íad le leigheamh grásta Mhic De
    Ná a ndearna an saighal d'ain bfios.
    vii. Molaim-se Dia thar a bhfeaca me riamh
    Is Muire bhain tighearna aithchím-sé
    Peadar is Pól, is na naoimh eile leo.
    Is tusa gan ghó A Athair Dhil
    Admhuighim dóibh do Mhicheal agus d'Eoin
    Is dos na abstalaibh ró- bheannuighte
    Gur pheacuigheas dom' dheoin 'im smaointibh go mór
    Im' ghnomharthaibh 's im ghlór labharthar.
    viii. Am t-ubhar ar dtús an tsainnt is an drúis
    An craos is an rún feargach
    Formad an tsaoghail is an leisce go léir
    Ni scarann liom féin aga ar bith
    Nách mairg don té mhaireas mar mé
    Is nach dána an gnó do dhuine- dem' sort
    Tagairt ar choróin flaithis d'faghail.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish