School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Doonaha, Co. Clare
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An Triúch: Iarr ar fhear le capall bán "a fhir a' chapaill bháin cad a leighisfidh
(1) an Triuch". Dein an rud a mholann sé duit agus gheobhfar leigheas "fear a chapaill bháin cad a leighisfidh an triuch " a deirtear annso.
2. Tugtar an bainne a fhágann fireid in a dhiaidh gan ól tugtar an bainne sin don othar mar leigheas don triuch.
3.Biodh "leigheas" eilt in-úsáid sa ndúthaigh so fadó don truich. Cuirtir an t-othar fé bholg agus thar druim asail duibh. Seacht n-uaire in diaidh a cheile gach lá go ceann trí lá.
4.É do chuir in a luighe fé thor áirithe acht níl fhios ag éinne cad é an tor é.
Sleamhnán: 1. fainne óir do chimilt leis gach maidin go ceann 3 lá.
2. Duilleóga té do chimilt leis.
3. Tímcheall do dhéanamh ag Tobar Chronáin i gCill Chronáin.
4. An chéad seile ar maidin agus tú ag troscad do chimilt leis.
Eascóid; 1. Duilleóg cabáiste do ghoradh agus do chur leis an eascóid mar phlástar
2. Plástar a dhéanamh de píosa galúnaighe, siuícre agus cuideachán uibhe measctha le chéile.
Arc luachra do ligheadh
Má dhéineann tú é sin beidh comacht agat goradh agus loscadh agus dóghadh do leighisín acht é do ligheadh
Tá fear annso Mártán Treaghan go bhfuil agus an cumacht agus teigheann daoine chuige chun leigheas d'paghail
Slaghdáin: Inniún do bheirbiú i mbainne agus d'ól an-the. An leigheas is fearr diob ar fad