School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Doonaha, Co. Clare
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Page 234
- XML “Ceirdeanna agus Ceardaithe na Dúiche Seo Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rúainní capaill. D'fhígheadh sé na rúainní le chéile & geibheadh sé 2/= an ceann orta.
Bhí fear eile í gCill Ruis & is as croicinn capaill a dheineadh sé laisg. Gearradh sé an croiceann í stríocaí & d'fígheadh sé na stríocaí sin.9. Stil (Déanamh Uisge beatha):- Bhí stil le Athair Máirtín treághain 100 bliana ó shoinn in Dún Átha. Tugtar bóthar na stile ar an áit fós. Tá páirc le Seán O Duibhir i gCill Chróna & páirc na atile a tugtar air.10. Córacha Soluis fadó:- Núair theigheadh m'athair abhaile on scoil 50 bliana o shoin sin é an obair a bhíodh le deanamh aige ná coinnle a dheanamh. Bíodh geir bó ag gach feirmeóir cuige sin & beirbhígheadh é & leigeadh isteach i múnla annsan é & téadh leis mar bhúaiceas. D'fágadh ann é go ceann dhá lá. Túmadh isteach in uisge beirbhthe annsan é go cheann tamaill bhig & sleamhnuígheadh sé amach as an múnla annsan. Tá an múnla sin againn fós.
Bhí slíghe eile aige freisin. Túmadh sé búaiceas isteach sa ngeir beirbhe & leigeadh do é do thíormhú. Túmadh & túmadh arís é & bíodh an búaiceas ag dul i reimhre leis an ngeir díaidh ar ndíaidh.- Collector
- Seamus Ó hEochaidhe
- Gender
- Male
- Occupation
- Scoláire