School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 232

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 232

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 232
  3. XML “Ceirdeanna agus Ceardaithe na Dúiche Seo Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    abhaile é & cuireadh í gciseán ós cionn teine é chun é do thiormú. Tlúgháladh dhá uair é le tlúgh-lín (cos ramhainne le moirtís in a lár & teanga beag adhmaid ós cionn na moirtíse sin, a bhí mar thlúgh-lín aca). Deineadh é do sníomh annsan le tuirne lín & deineadh ceirtlín de. Tugadh go dtí an fígheadóir annsan é chun é d'fíghe ar sheol. Bhí alán fígheadóirí sa ndúthaigh seo san úair sin.
    Pat Winters ("Pádraigh a Geimhridh") a tháinigh ó thúaisceart na hÉireann & a bhí ag cur fé í gCrois (Carraig a Chabhaltaig), beirt de Mhuinntir Bhreathnach ó Cíarraídhe in a gcómhnuidhe i Lisín (Cill-Caoíde) (Co an Cláir), James Connors, Doonaha, Pat Dundon, Querrin, Tom Mangan, Tullaroe, Cussen i gCúrsín. Keane i dTearmain. "Mick Taidhgh" i gCill Ruis no "Macteigue".
    4. Deanamh éadach olna
    Béarradh an chaora & nígheadh an t-olann. Triomuígheadh é & deineadh é do chárdáil. Sníomhadh annsan é le túirnín olna. Dheinidís dathanna ar leith as planndaí mar fraoch (& rl & chuiridís an) Croiceann na Daraíghe & rl chun na snáithe olna do dhathadh. Bheirbhidís íad, cúanach fraoch & rl & cuiridís an t-olann isteach ionnta. Cuireadh go dtí fígheadóir annsan é chun é d'fígheadh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairtín Ó Cadhlaigh
    Gender
    Male
    Address
    Doonaha, Co. Clare