School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Doonaha, Co. Clare
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tógadh an Scoil Naisiúnta 1886 acht bhí sean-scoil, ceann tuighe san san áit chéadna roimhe sin. Nuair a bhí an scoil seo dá tógaint bhí scoil sealadach i bpáirc le Sean Ó Cadhlaigh leath stiar de'n teampall. Sé an chéad chúntas atá i leabhar na gCigirí sa scoil seo ná " 1867:-Molaim do's na paistí gan a gcaipíní do chaitheamh le linn do'n scoil a bheith ar siubhal agus fós ní ceart doibh na caipíní d'fágaint ar na bínnsí rómpa ". De Bláca ainm an oide.
Bhí SCOIL SCAIRTE i gCuibhreann ag DICK MADIGAN, CÍARRAIDHEACH, go dtí 58 blíana ó shoin. Fear bacac crosta ab eadh é agus bhíodh an scoil ar siúbhal 'na thigh féin. Bhí an ghaedhilg go líomhtha aige agus núair bhíodh sé ar buile labharadh sé í ag cáineadh na scoláirí acht dá gcloiseadh sé focal gaedhilge dá labhairt ag na scolairí do thabharfadh sé léasadh dóibh. Cuireadh sé búachaill ar dhruim búachalla eile chun an léasadh sin. Deirtear, go raibh gaol aige le hEóghan Ó Cómhruidhe agus is fíor gur de Mhuinntir Meadagáin, máthair Eóghain. Bhíodh dhá seisiún aige, Sa ló agus ist' oídhche. Caitheadh gach aoinne a chaipín agus bhídís ag caitheamh tobaic. Gearradh sé a bpínn féin agus thagadh na scoláirí go dtí na cistineach in a n-úain chun scríbhnoireacht ann. Múintí béarla, scríobnóireacht, amhráin, agus litriú. 4/3 an duine, an ráithe, an táille a bhí sa scoil seo agus fód móna an duine gach lá sa nGeimhreadh(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Chobhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Doonaha, Co. Clare
- Informant
- Séamus Ó hEocaidhe
- Gender
- Male
- Address
- Doonaha, Co. Clare