School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Doonaha, Co. Clare
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ach ba ghairid na'dhiaidh sin go dtáinig an gleó
'Sgach duine aca á bhascadh sa bhfairrge mhóir
Gur ghlanadar an Chóirlios timcheall. ii
Dob fhuirist aithint go mba cómharthaí áir
Gol mná síde go binn cois trágha
Ó cé an Chaoidhbrinn go dtí an Caisleán
Is go Teampall Mártain timcheall. iii
Is mo fear leathan, láidir, óg.
Agus banaltra bláthmar, bréag, deas óg,
A d'imthigh sa bhád 'sa nár thainig beo,
Gur cailleadh 's go bhfuarthas báidte. iv
Is mithid dúinn trácht ar an sárfhear óg
Fear ion-gráid ó Cill an Dréoin
Go mba cailme láidir in aimsir gleo,
Sé Seumas Óg Ó Loinsigh. v
Aghuistín óg Ó hAiseada mór
Agus Mícéal Groidhe Mac Gormáin cóir
Agus daireag eile nár airmhígeas fós
Agus nach dtiocfadh óm croidhe iad aireamh. vi
Ní dearmad linn ár gcaoin bean breagh
Cáití groidhe na mbuidhe -cocán,
A raibh gac ruibe dá dlaoí leí sios ag fás
Ó bhathas go sáil a bróige.- Informant
- Micheal O Mongáin
- Gender
- Male
- Address
- Querrin, Co. Clare