School: Durrow
- Location:
- Durrow Demesne, Co. Offaly
- Teacher: P. Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Durrow
- XML Page 163
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“An méid seo fachta ón seanchaidhe céadhna.”
(continued from previous page)"Seo. Scaoilfead leat an turas so. Ach dar so agus siúd má ráinigheann tú liom arís dícheannfad thú. Tiomáin iad san arais don Darmháigh. Buailfidh tú leis an maor ann agus cuir a dtabhairt leat igcéill air."
"Tá go maith a dhuine Uasail. Déanfad mar a deirir."
Seo píosa airgid duit agus bíodh béile agat sa Tulaigh Mhóir."
Ghaib an fear bocht a bhuidheachas leis fó chéad agus scar an bheirt le chéile - duine id dtreo cuirt an Daingin, agus duine idtreo caisleán na Darmhágha.Ach ní ró fhada thriall fear na mbeithidheach. Thiomáin sé a stoc isteach i bpáirc gairid dó agus lean air go tapaidh go dtí Cuirt an Daingin. Ba choimhshroisint na beirte, beag nach, an chúirt.Pléidheadh ceist an Dearbhráthar. Scaoileadh saor é. Dhírigh an Lord ar a chaisleán. Chuir sé fios ar a mhaor
"Bheul," ar seisean, "fuairis dhá bheithidheach reamhra maithe indiu."
"Dá bheithidheach!" ar seisean. "Cé uaidh? agus créad fáth?"
"Seadh," arsa an Lord, "ní h-amadán duine go gníomh amadáin."(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Cuinn
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Kildangan, Co. Offaly